28. Fanfaidh mise i réitigh an fhásaigh go bhfaighidh mé gaoth an fhocail uaibhse.”
29. Thug Zádóc agus Aibíátár áirc Dé ar ais go Iarúsailéim agus d'fhanadar ann.
30. Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.
31. Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”
32. Nuair a shroich Dáiví mullach an tsléibhe mar a ndéantar Dia a adhradh, chonaic sé chuige Húisí an tAircíoch agus a chóta stróicthe agus cré ar a cheann.
33. Dúirt Dáiví leis: “Má théann tú ar aghaidh liom, beidh tú i d'ualach orm;
34. ach má fhilleann tú ar an gcathair agus a rá le hAibseálóm: ‘Beidh mé i mo shearbhónta agat, a rí; bhí mé tráth i mo shearbhónta ag d'athair, ach anois beidh mé i mo shearbhónta agatsa,’ beidh ar do chumas beartas Aichítifeil a shárú dom.
35. Nach mbeidh na sagairt Zádóc agus Aibíátár ansiúd i do theannta? Aon scéal a gheobhaidh tú ón bpálás, inis é do Zádóc agus d'Aibíátár, na sagairt.
36. Agus féach, tá a mbeirt mhac, Aichímeáz mac Zádóc, agus Iónátán mac Aibíátár, in éineacht leo; seolfaidh sibh gach scéala a gheobhaidh sibh chugamsa lena gcabhairsean.”
37. D'fhill Húisí, cara Dháiví, ar ais chun na cathrach díreach agus Aibseálóm ag teacht isteach in Iarúsailéim.