Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 15:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ina dhiaidh sin fuair Aibseálóm carbad agus eachra agus leathchéad fear le rith roimhe.

2. D'éiríodh Aibseálóm go moch, agus sheasadh sé le taobh bhóthar an gheata. Aon uair a thagadh duine le cúis le cur faoi bhreith an rí, ghlaodh Aibseálóm air agus deireadh: “Cén chathair arb as duit?” D'fhreagraíodh seisean: “As a leithéid seo de threibh in Iosrael do shearbhónta.”

3. Deireadh Aibseálóm leis: “Tá d'éileamh ceart agus cóir, ach níl aon fhear ionaid ceaptha ag an rí le héisteacht leat.”

4. Agus leanadh Aibseálóm air: “Uch nach gceapfaí mé i mo bhreitheamh sa tír! Ansin aon duine a mbeadh cúis nó caingean aige, d'fhéadfadh sé teacht chugamsa agus gheobhadh sé ceart uaim.”

5. Nuair a thagadh duine chuige le hómós a thabhairt dó, shíneadh sé amach a lámh, bheireadh greim air agus phógadh é.

6. Is mar sin a dhéanadh Aibseálóm leis na hIosraelaigh go léir a thagadh chuig an rí ag tagra a gcirt, agus mheall Aibseálóm croí fhir Iosrael ar an tslí sin.

7. Tar éis ceithre bliana dúirt Aibseálóm leis an rí: “Lig dom dul go Heabrón chun an mhóid a thug mé don Tiarna a chomhlíonadh;

8. mar nuair a bhí mé i nGisiúr in Arám, thug do shearbhónta an mhóid seo: ‘Má thugann an Tiarna ar ais go Iarúsailéim mé,’ arsa mise, ‘tabharfaidh mé ómós don Tiarna i Heabrón.’ ”

9. Dúirt an rí leis: “Imigh faoi shíocháin!” agus d'imigh sé leis agus tháinig go Heabrón.

10. Chuir Aibseálóm teachtairí ar fud treibheanna Iosrael go léir á rá: “A luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, abraigí: ‘Tá Aibseálóm ina rí i Heabrón!’ ”

11. Chuaigh dhá chéad fear le hAibseálóm ó Iarúsailéim; bhí cuireadh acu, agus thángadar gan urchóid ina gcroí ná eolas ar bith acu.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 15