Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 14:8-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. “Téigh abhaile,” arsa an rí ansin leis an mbean, “agus tabharfaidh mé féin orduithe i dtaobh do cháis.”

9. Dúirt an bhean ó Theacóá leis an rí: “A thiarna rí! Go raibh an chiontacht ormsa agus ar mo mhuintir! Go raibh an rí agus a ríchathaoir gan locht!”

10. “Tabhair chugam an fear a rinne bagairt ort,” a dúirt an rí, “agus ní leagfaidh sé lámh go deo arís ort.”

11. Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d'fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”

12. Ansin dúirt an bhean: “Lig do d'ionailt rud éigin eile a rá le mo thiarna an rí.” “Lean ort,” ar sé.

13. “Cén fáth más ea,” arsa an bhean, “a ndearna an rí comhcheilg in aghaidh phobal Dé agus gan an té a dhíbir sé a thabhairt ar ais abhaile - mar leis an mbreith seo déanann an rí é féin a dhaoradh.

14. Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.

15. Is é cúis faoinar tháinig mé le labhairt ar an ábhar seo le mo thiarna an rí, mar gur chuir daoine eagla orm, agus rith sé le d'ionailt: ‘Labhróidh mé leis an rí; b'fhéidir go ndéanfadh an rí mar a iarrfaidh a ionailt air.

16. Mar déanfaidh an rí rud orm agus déanfaidh sé a ionailt a fhuascailt ó lámha an té a ghearrfadh mise agus mo mhac mar aon liom amach ó oidhreacht Dé.

17. Go ndéana briathra mo thiarna an rí,’ a dúirt mé liom féin, ‘mé a chur chun suaimhnis. Mar tá mo thiarna an rí ar aon dul le haingeal Dé ag scagadh olc agus maith.’ Go raibh an Tiarna do Dhia leat!”

18. Thug an rí freagra uirthi á rá: “Ná seachain aon cheist atáim a chur chugat, le do thoil.” “Cuireadh mo thiarna an rí a cheist chugam,” ar sí.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 14