Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 14:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Bhí beirt mhac ag d'ionailt, agus d'éirigh eatarthu amuigh sa ghort gan fear a n‑idirghabhála ann. Bhuail duine díobh an duine eile agus mharaigh é.

7. Anois tá an fine go léir éirithe i gcoinne d'ionailte: ‘Tabhair ar láimh an fear a mharaigh a dheartháir,’ a deir siad; ‘beidh a anam againn in éiric anam an té a mharaigh sé, agus millfimid an t‑oidhre chomh maith.’ Múchfaidh siad ar an gcuma sin cibé síol atá fágtha ar mo theallach agus ní fhágfaidh siad ainm ná sliocht ag m'fhear céile ar chlár na cruinne.”

8. “Téigh abhaile,” arsa an rí ansin leis an mbean, “agus tabharfaidh mé féin orduithe i dtaobh do cháis.”

9. Dúirt an bhean ó Theacóá leis an rí: “A thiarna rí! Go raibh an chiontacht ormsa agus ar mo mhuintir! Go raibh an rí agus a ríchathaoir gan locht!”

10. “Tabhair chugam an fear a rinne bagairt ort,” a dúirt an rí, “agus ní leagfaidh sé lámh go deo arís ort.”

11. Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d'fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”

12. Ansin dúirt an bhean: “Lig do d'ionailt rud éigin eile a rá le mo thiarna an rí.” “Lean ort,” ar sé.

13. “Cén fáth más ea,” arsa an bhean, “a ndearna an rí comhcheilg in aghaidh phobal Dé agus gan an té a dhíbir sé a thabhairt ar ais abhaile - mar leis an mbreith seo déanann an rí é féin a dhaoradh.

14. Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 14