Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 14:20-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. D'fhonn athrú treo a chur ar do chúrsaí a rinne do shearbhónta Ióáb mar sin; ach tá eagna mar atá ag aingeal Dé ag mo thiarna; tá fios gach a dtarlaíonn ar talamh aige.”

21. Dúirt an rí le Ióáb ansin: “Ceart go leor! Bíodh d'achainí agat! Imigh agus tabhair leat ar ais an t‑ógánach Aibseálóm!”

22. Chaith Ióáb é féin ar a bhéal ar an talamh, thug ómós don rí, agus bheannaigh é. “A thiarna liom, agus a rí,” arsa Ióáb, “tá a fhios ag do shearbhónta anois go bhfuil fabhar faighte aige i do láthair, a thiarna rí, mar go ndearna an rí faoi mar a d'iarr a shearbhónta air.”

23. Chuir Ióáb chun bealaigh agus tháinig go Gisiúr agus thug Aibseálóm ar ais go Iarúsailéim.

24. Ach dúirt an rí: “Maireadh sé leis féin, ina theach féin; fanadh sé as mo radharc!” Chuir Aibseálóm faoi leis féin ina theach féin dá bhrí sin, agus níor tháinig sé i láthair an rí.

25. Ní raibh oiread agus duine in Iosrael le moladh de bharr a scéimhe an oiread le hAibseálóm; ní raibh máchail air ó mhullach a chinn go bonn a choise.

26. Nuair a bhearradh sé de a cheann gruaige - rud a dhéanadh sé ag deireadh gach bliana; bhearradh sé ansin é mar go mbíodh sé róthrom dó - mheádh sé an ghruaig, dhá chéad seicil de thomhas an rí.

27. Rugadh triúr mac agus iníon d'Aibseálóm; Támár a b'ainm dá iníon agus ba sciamhach an bhean í.

28. Chaith Aibseálóm dhá bhliain in Iarúsailéim gan teacht i láthair an rí.

29. Ansin chuir Aibseálóm fios ar Ióáb lena thabhairt féin i láthair an rí, ach ní thiocfadh Ióáb chuige. Chuir sé fios air an dara huair, ach ní thiocfadh Ióáb chuige.

30. Dúirt sé lena ghiollaí dá bhrí sin: “Féach, tá gort Ióáb taobh le mo ghortsa, agus tá eorna aige ann. Imígí agus cuirigí trí thine é.” Chuir giollaí Aibseálóm gort Ióáb trí thine.

31. D'éirigh Ióáb agus d'imigh leis go dtí a theach go hAibseálóm. “Cén fáth,” ar sé, “gur chuir do ghiollaí mo ghort trí thine?”

32. D'fhreagair Aibseálóm á rá le Ióáb: “Féach, chuir mé scéala chugat: ‘Tar anseo chugam d'fhonn go gcuirfidh mé thú go dtí an rí leis an teachtaireacht seo: Cén fáth ar tháinig mé ar ais ó Ghisiúr? B'fhearr dom a bheith ann fós! Lig dom anois dul isteach i láthair an rí; má táim ciontach, cuireadh sé chun báis mé.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 14