Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 14:11-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Dúirt sí ansin: “Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d'fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.” “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.”

12. Ansin dúirt an bhean: “Lig do d'ionailt rud éigin eile a rá le mo thiarna an rí.” “Lean ort,” ar sé.

13. “Cén fáth más ea,” arsa an bhean, “a ndearna an rí comhcheilg in aghaidh phobal Dé agus gan an té a dhíbir sé a thabhairt ar ais abhaile - mar leis an mbreith seo déanann an rí é féin a dhaoradh.

14. Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.

15. Is é cúis faoinar tháinig mé le labhairt ar an ábhar seo le mo thiarna an rí, mar gur chuir daoine eagla orm, agus rith sé le d'ionailt: ‘Labhróidh mé leis an rí; b'fhéidir go ndéanfadh an rí mar a iarrfaidh a ionailt air.

16. Mar déanfaidh an rí rud orm agus déanfaidh sé a ionailt a fhuascailt ó lámha an té a ghearrfadh mise agus mo mhac mar aon liom amach ó oidhreacht Dé.

17. Go ndéana briathra mo thiarna an rí,’ a dúirt mé liom féin, ‘mé a chur chun suaimhnis. Mar tá mo thiarna an rí ar aon dul le haingeal Dé ag scagadh olc agus maith.’ Go raibh an Tiarna do Dhia leat!”

18. Thug an rí freagra uirthi á rá: “Ná seachain aon cheist atáim a chur chugat, le do thoil.” “Cuireadh mo thiarna an rí a cheist chugam,” ar sí.

19. “Nach bhfuil lámh Ióáb ar do chúl sa ghnó seo go léir?” d'fhiafraigh an rí. D'fhreagair an bhean agus dúirt: “Chomh cinnte agus atá tú i do bheatha, a thiarna liom agus a rí, níl dul as ar dheis nó ar chlé ó na nithe a dúirt mo thiarna an rí liom. Sea, is é d'óglach Ióáb a d'iarr é seo orm; chuir sé na focail seo go léir i mbéal d'ionailte.

20. D'fhonn athrú treo a chur ar do chúrsaí a rinne do shearbhónta Ióáb mar sin; ach tá eagna mar atá ag aingeal Dé ag mo thiarna; tá fios gach a dtarlaíonn ar talamh aige.”

21. Dúirt an rí le Ióáb ansin: “Ceart go leor! Bíodh d'achainí agat! Imigh agus tabhair leat ar ais an t‑ógánach Aibseálóm!”

22. Chaith Ióáb é féin ar a bhéal ar an talamh, thug ómós don rí, agus bheannaigh é. “A thiarna liom, agus a rí,” arsa Ióáb, “tá a fhios ag do shearbhónta anois go bhfuil fabhar faighte aige i do láthair, a thiarna rí, mar go ndearna an rí faoi mar a d'iarr a shearbhónta air.”

23. Chuir Ióáb chun bealaigh agus tháinig go Gisiúr agus thug Aibseálóm ar ais go Iarúsailéim.

24. Ach dúirt an rí: “Maireadh sé leis féin, ina theach féin; fanadh sé as mo radharc!” Chuir Aibseálóm faoi leis féin ina theach féin dá bhrí sin, agus níor tháinig sé i láthair an rí.

25. Ní raibh oiread agus duine in Iosrael le moladh de bharr a scéimhe an oiread le hAibseálóm; ní raibh máchail air ó mhullach a chinn go bonn a choise.

26. Nuair a bhearradh sé de a cheann gruaige - rud a dhéanadh sé ag deireadh gach bliana; bhearradh sé ansin é mar go mbíodh sé róthrom dó - mheádh sé an ghruaig, dhá chéad seicil de thomhas an rí.

27. Rugadh triúr mac agus iníon d'Aibseálóm; Támár a b'ainm dá iníon agus ba sciamhach an bhean í.

28. Chaith Aibseálóm dhá bhliain in Iarúsailéim gan teacht i láthair an rí.

29. Ansin chuir Aibseálóm fios ar Ióáb lena thabhairt féin i láthair an rí, ach ní thiocfadh Ióáb chuige. Chuir sé fios air an dara huair, ach ní thiocfadh Ióáb chuige.

30. Dúirt sé lena ghiollaí dá bhrí sin: “Féach, tá gort Ióáb taobh le mo ghortsa, agus tá eorna aige ann. Imígí agus cuirigí trí thine é.” Chuir giollaí Aibseálóm gort Ióáb trí thine.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 14