Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 13:25-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. D'fhreagair an rí agus dúirt le hAibsealóm: “Ní dhéanfaimid, a mhic; níor chóir dúinn go léir teacht agus bheith inár n‑ualach ort.” Cé go raibh Aibseálóm ag tathant air, ní rachadh sé ach chuir a bheannacht leis.

26. Lean Aibseálóm air: “Mura dtiocfaidh tusa, lig do mo dheartháir Amnón dul linn ar a laghad.” “Cén fáth,” arsa an rí leis, “a rachadh seisean leat?”

27. Ach lean Aibseálóm air ag tathant air go dtí gur lig sé d'Amnón agus do chlann mhac an rí go léir dul leis. D'ullmhaigh Aibseálóm fleá ríoga,

28. agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”

29. Thug giollaí Aibseálóm an íde a d'ordaigh Aibseálóm ar Amnón. Phreab clann mhac an rí go léir ina suí ansin agus léim ar a miúileanna agus theith leo.

30. Fad a bhíodar ar an mbóthar chuala Dáiví an ráfla: “Mharaigh Aibseálóm clann mhac an rí gan fear inste scéil a theacht slán.”

31. D'éirigh an rí, stróic a chuid éadaigh, agus luigh ar an talamh. Stróic a raibh dá fheidhmeannaigh ag freastal air a gcuid éadaigh chomh maith.

32. Ach labhair Iónádáb mac Shimeá, deartháir Dháiví: “Ná síleadh mo thiarna,” ar sé, “gur mharaigh siad na fir óga go léir, clann mhac an rí. Níl marbh ach Amnón amháin, mar bhí an bhagairt sin le léamh ar aghaidh Aibseálóm ón lá a d'éignigh Amnón a dheirfiúr Támár.

33. Ná bíodh sé á thaibhreamh do mo thiarna an rí go bhfuil clann mhac an rí go léir marbh. Níl marbh ach Amnón amháin.”

34. Agus theith Aibseálóm.D'ardaigh an fear faire a shúile agus chonaic díorma mór chuige le fána bhóthar Bhachúraím. [Tháinig sé lena rá leis an rí: “Chonaic mé fir chugainn le fána bhóthar Bhachúraím] ar thaobh an tsléibhe.”

35. Dúirt Iónádáb leis an rí: “Seo chugainn clann mhac an rí; tá críoch an scéil faoi mar a dúirt do shearbhónta.”

36. Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a tháinig clann mhac an rí agus rinneadar caoineadh agus olagón in ard a ngutha; ghoil an rí agus a fheidhmeannaigh go géar chomh maith.

37. Theith Aibseálóm, ámh, agus tháinig go Talmai, mac Aimíohúd, rí Ghisiúr, agus d'fhan sé ansiúd ar feadh trí bliana.

38. Bhí an rí ag caoineadh a mhic i gcaitheamh an ama sin go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 13