Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 13:18-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. (Bhí fallaing le muinchillí fada á caitheamh aici, mar sin é a chaitheadh iníonacha an rí sa seansaol roimh phósadh dóibh.) Chuir an t‑óglach amach í agus chuir an bolta ar an doras ina diaidh.

19. Chuir Támár luaithreach ar a ceann, stróic sí an fhallaing fhada a bhí uirthi, agus d'imigh léi ag gol in ard a cinn ar an tslí di.

20. Dúirt a deartháir Aibseálóm léi: “An raibh do dheartháir Amnón ina luí leat? Socair anois, a dheirfiúr; sé do dheartháir é. Ná cuireadh sé seo buairt ar do chroí.” Ach d'fhan Támár go dubhach brónach i dteach a dearthár, Aibseálóm.

21. Nuair a chuala Dáiví rí an scéal go léir, tháinig an-fhearg air; [ach ní raibh aon fhonn air díobháil a dhéanamh dá mhac Amnón mar go raibh cion aige air; ba é a chéadghin é].

22. Ach ní raibh focal maith ná drochfhocal ag Aibseálóm le hAmnón; mar bhí an ghráin ag Aibseálóm ar Amnón mar gur éignigh sé a dheirfiúr Támár.

23. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí a mheitheal bearrthóirí ag Aibseálóm ag Bál Házór atá láimh le hEafráim, thug Aibseálóm cuireadh do chlann mhac an rí go léir.

24. Tháinig Aibseálóm chuig an rí agus dúirt: “Tá an mheitheal bhearrtha ag do shearbhónta; an mbeadh an rí agus a fheidhmeannaigh sásta teacht le do shearbhónta?”

25. D'fhreagair an rí agus dúirt le hAibsealóm: “Ní dhéanfaimid, a mhic; níor chóir dúinn go léir teacht agus bheith inár n‑ualach ort.” Cé go raibh Aibseálóm ag tathant air, ní rachadh sé ach chuir a bheannacht leis.

26. Lean Aibseálóm air: “Mura dtiocfaidh tusa, lig do mo dheartháir Amnón dul linn ar a laghad.” “Cén fáth,” arsa an rí leis, “a rachadh seisean leat?”

27. Ach lean Aibseálóm air ag tathant air go dtí gur lig sé d'Amnón agus do chlann mhac an rí go léir dul leis. D'ullmhaigh Aibseálóm fleá ríoga,

28. agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”

29. Thug giollaí Aibseálóm an íde a d'ordaigh Aibseálóm ar Amnón. Phreab clann mhac an rí go léir ina suí ansin agus léim ar a miúileanna agus theith leo.

30. Fad a bhíodar ar an mbóthar chuala Dáiví an ráfla: “Mharaigh Aibseálóm clann mhac an rí gan fear inste scéil a theacht slán.”

31. D'éirigh an rí, stróic a chuid éadaigh, agus luigh ar an talamh. Stróic a raibh dá fheidhmeannaigh ag freastal air a gcuid éadaigh chomh maith.

32. Ach labhair Iónádáb mac Shimeá, deartháir Dháiví: “Ná síleadh mo thiarna,” ar sé, “gur mharaigh siad na fir óga go léir, clann mhac an rí. Níl marbh ach Amnón amháin, mar bhí an bhagairt sin le léamh ar aghaidh Aibseálóm ón lá a d'éignigh Amnón a dheirfiúr Támár.

33. Ná bíodh sé á thaibhreamh do mo thiarna an rí go bhfuil clann mhac an rí go léir marbh. Níl marbh ach Amnón amháin.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 13