Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 11:9-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ach chodail Úiríá lasmuigh de dhoras an pháláis le garda cosanta a mháistir; ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.

10. Tugadh an scéala seo chuig Dáiví: “Ní dheachaigh Úiríá síos chun a thí féin,” a dúirt siad leis. Chuir Dáiví ceist ar Úiríá: “Nach bhfuil aistear fada curtha díot agat? Cén fáth nach ndeachaigh tú síos chun do thí?”

11. Dúirt Úiríá le Dáiví: “Nach bhfuil an áirc agus Iosrael agus Iúdá ina gcónaí i mbothanna? Agus tá mo thiarna Ióáb agus seirbhísigh mo thiarna ag cur fúthu sa mhachaire; an bhfuilimse le dul go dtí mo theach, más ea, le bia agus deoch a chaitheamh agus le luí le mo bhean? Dar do bheo féin agus dar d'anam beo, ní dhéanfaidh mé a leithéid.”

12. Dúirt Dáiví ansin le hÚiríá: “Fan anseo inniu chomh maith, agus amárach ligfidh mé chun siúil thú.” D'fhan Úiríá in Iarúsailéim dá bhrí sin, an lá sin, agus lá arna mhárach.

13. Lá arna mhárach thug Dáiví cuireadh do bheith ag ithe agus ag ól ina chuideachta agus chuir sé ar meisce é. Nuair a tháinig an tráthnóna chuaigh Úiríá amach agus luigh sé ar a thocht in éineacht le garda cosanta a mháistir; ach ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.

14. An mhaidin ina dhiaidh sin scríobh Dáiví litir chuig Ióáb agus sheol sé le hÚiríá í. Is é a scríobh sa litir:

15. “Cuir Úiríá i bhfíorthosach an chruachatha, agus ansin tarraingigí féin siar ar a chúl, ionas go ndéanfar é a threascairt agus a mharú.”

16. Bhí an chathair faoi léigear ag Ióáb, agus chuir sé Úiríá in ionad arbh eol do na fir throda a bheith go fíochmhar.

17. Thug muintir na cathrach rúid amach agus rinne ionsaí ar Ióáb; maraíodh cuid den arm agus cuid de sheirbhísigh Dháiví ina measc; agus maraíodh Úiríá an Hiteach i gcuideachta na cuideachta.

18. Chuir Ióáb tuairisc iomlán ar an gcath go dtí Dáiví.

19. Thug sé an treoir seo don teachtaire: “Nuair a bheidh scéal an chatha ar fad inste agat don rí,

20. má thagann fearg ar an rí, agus go ndeir sé leat: ‘Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach don chathair ag cur an chatha? Nach raibh a fhios agaibh go gcaithfidís libh ó na ballaí?

21. Cé mharaigh Aibímeilic mac Iarubál? Nach ann a chaith bean bró mhuilinn anuas air ó na ballaí agus a mharaigh é i dTéibéiz? Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach do na ballaí?’ abairse ansin: ‘Tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh chomh maith.’ ”

22. D'imigh an teachtaire leis, agus ar theacht dó, d'inis sé do Dháiví gach a raibh ordaithe ag Ióáb dó a rá.

23. Dúirt an teachtaire le Dáiví: “Fuair a gcuid fear buntáiste orainn agus thángadar amach inár gcoinne ar an bpáirc, ach thiomáineamar ar gcúl iad go dtí béal an gheata.

24. Ach ansin chrom na saighdiúirí ar chaitheamh le do sheirbhísigh ó na ballaí; cailleadh cuid de sheirbhísigh an rí, agus tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh freisin.”

25. Dúirt Dáiví leis an teachtaire: “Abair é seo le Ióáb: ‘Ná cuireadh an gnó seo buairt ar do chroí, óir slogann an claíomh fear uair, agus fear eile uair eile. Tabhair ruathar níos treise faoin gcathair agus scrios í.’ Tabhair misneach mar sin dó.”

26. Nuair a chuala bean Úiríá go raibh Úiríá a fear tar éis bháis, chaoin sí a fear.

27. Nuair a bhí an caoineadh thart chuir Dáiví fios uirthi chun í a thabhairt chun a thí; bhí sí mar bhean aige, agus rug mac dó. Ach níor thaitin a raibh déanta ag Dáiví leis an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 11