Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 11:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar theacht na bliana úire, an t‑am is gnách le ríthe dul ag cogaíocht, chuir Dáiví Ióáb amach agus a sheirbhísigh féin agus pobal Iosrael ar fad in éineacht leis. Rinne siad ár ar na hAmónaigh agus chuir siad Rábá faoi léigear. Ach d'fhan Dáiví in Iarúsailéim.

2. Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.

3. Chuir Dáiví tuairisc na mná seo agus dúradh leis: “Ar ndóigh sin í Baitseaba, iníon Eilíám, bean Úiríá an Hiteach.”

4. Ansin sheol Dáiví teachtairí amach lena tabhairt chuige. Tháinig sí chuige agus luigh sé léi; bhí a fuil mhíosta tagtha agus í direach tar éis í féin a ghlanadh. D'imigh sí abhaile arís ansin.

5. Ghabh an bhean gin agus chuir sí scéala chuig Dáiví: “Tá mé ag iompar clainne.”

6. Ansin chuir Dáiví teachtaireacht ag triall ar Ióáb. “Seol Úiríá an Hiteach chugam.” Sheol Ióáb Úiríá chuig Dáiví láithreach.

7. Nuair a tháinig Úiríá ina láthair chuir Dáiví tuairisc Ióáb agus an airm agus chúrsaí an chogaidh air.

8. Ansin dúirt Dáiví le hÚiriá: “Gabh síos chun do thí agus bíodh spraoi agat.” D'fhág Úiríá an pálás agus cuireadh bronntanas ón rí ina dhiaidh.

9. Ach chodail Úiríá lasmuigh de dhoras an pháláis le garda cosanta a mháistir; ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.

10. Tugadh an scéala seo chuig Dáiví: “Ní dheachaigh Úiríá síos chun a thí féin,” a dúirt siad leis. Chuir Dáiví ceist ar Úiríá: “Nach bhfuil aistear fada curtha díot agat? Cén fáth nach ndeachaigh tú síos chun do thí?”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 11