Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 10:13-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Chuaigh Ióáb agus an mhuintir a bhí in éineacht leis i ngleic leis na hAramaeigh ach theitheadarsan uaidh.

14. Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh theitheadar féin mar an gcéanna ó Aibísí agus isteach leo sa chathair. D'fhill Ióáb ansin ón gcogadh in aghaidh na nAmónach agus tháinig ar ais go Iarúsailéim.

15. Ar fheiceáil do na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chruinníodar go léir le chéile.

16. Chuir Hadad Eizir teachtairí go dtí na hAramaeigh a bhí taobh thall den Abhainn agus bhailigh chuige iad. Thángadar go Haelám agus Seobác ceann feadhna arm Hadad Eizir a dtreorú.

17. Nuair a d'insíodar é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile, agus ghabh thar an Iordáin agus tháinig go Haelám. Chuir na hAramaeigh cóiriú catha orthu féin in aghaidh Dháiví agus chuaigh i ngleic leis.

18. Theith na hAramaeigh ó Iosrael, agus mharaigh Dáiví seacht gcéad dá bhfoirne carbaid agus daichead míle marcach; threascair sé Seobác a gceann feadhna freisin agus fuair sé bás ar an toirt.

19. Nuair a chonaic na ríthe go léir a thug géillsine do Hadad Eizir go raibh buaite orthu ag Iosrael, rinneadar síocháin le hIosrael, agus ghéilleadar dóibh. B'eagal leis na hAramaeigh cabhrú leis na hAmónaigh a thuilleadh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 10