Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Samúéil 1:2-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.

3. “Cá has ar tháinig tú?” d'fhiafraigh Dáiví de. “D'éalaigh mé as campa na nIosraelach,” ar sé.

4. “Cad a tharla? Inis dom,” arsa Dáiví leis. D'fhreagair sé: “Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.”

5. Ansin d'fhiafraigh Dáiví den óglach a thug an scéala: “Conas tá a fhios agat go bhfuil Sól agus a mhac Iónátán marbh?”

6. “Tharla ar Shliabh Ghiolboa mé,” d'fhreagair an t‑óglach, “agus ba shiúd é Sól ina luí ar a shleá agus na carbaid agus na capaill ag brú air go dian.

7. D'fhéach sé siar agus chonaic mise agus ghlaoigh orm, agus d'fhreagair mé: ‘Anseo dom.’

8. ‘Cé hé thú féin?’ ar sé liom. ‘Amailéiceach,’ arsa mise.

9. Dúirt sé ansin liom: ‘Seas os mo chionn agus maraigh mé mar tá speabhraídí tagtha orm cé go bhfuil an t‑anam ionam ar fad fós.’

10. Sheas mé os a chionn dá bhrí sin agus mharaigh mé é, mar bhí a fhios agam nach mairfeadh sé agus é ar lár. Ansin thóg mé an choróin a bhí ar a cheann, agus an bhraisléad a bhí ar a ghéag agus thug mé anseo go dtí mo thiarna iad.”

11. Ansin rug Dáiví ar a chuid éadaigh agus stróic sé iad. Na fir go léir a bhí ina chuideachta, rinne siad an rud céanna.

12. Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu.

13. Ansin dúirt Dáiví leis an óglach a thug an scéala chuige: “Cad as duit?” “is mac duine dheoranta, Amailéiceach mé,” ar sé.

14. Dúirt Dáiví: “Conas nárbh eagal leat do lámh a shíneadh chun ungthach an Tiarna a scrios?”

15. Ansin ghlaoigh Dáiví ar dhuine dá shaighdiúirí: “Gabh i leith,” ar sé; “treascair é.” Bhuail agus mharaigh.

16. “Go dtaga do chuid fola sa mhullach ort féin,” arsa Dáiví, “mar thug do bhéal féin fianaise i d'aghaidh, á rá: ‘Mharaigh mé fear ungtha an Tiarna.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Samúéil 1