1. Nuair a bhí Sól tar éis bháis, d'fhill Dáiví ó ár na nAmailéiceach agus chaith dhá lá i Zicleag.
2. Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
3. “Cá has ar tháinig tú?” d'fhiafraigh Dáiví de. “D'éalaigh mé as campa na nIosraelach,” ar sé.
4. “Cad a tharla? Inis dom,” arsa Dáiví leis. D'fhreagair sé: “Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.”