Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 7:11-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Scaip gardaí na ngeataí an dea-scéala de liú, agus fógraíodh laistigh den phálás é.

12. D'éirigh an rí gan é fós ina lá agus dúirt lena fheidhmeannaigh: “Inseoidh mé daoibh cad tá déanta ag na hArámaigh orainn. Tá fhios acu go bhfuil an gorta ag luí orainn, agus dá bharr sin d'fhágadar an longfort agus chuadar i bhfolach faoin tír á rá leo féin: ‘Nuair a thiocfaidh siad amach as an gcathair, déanfaimid iad a ghabháil ina mbeatha agus rachaimid isteach sa chathair.’ ”

13. D'fhreagair duine dá fheidhmeannaigh, “Tógtar cúig cinn de na capaill atá fágtha fós againn - gheobhadh an dream atá fágtha anseo bás chomh maith ar aon dul leis an slua mór eile d'Iosrael a fuair bás cheana féin - agus cuirimis dream ar aghaidh leo agus feicidís.”

14. Thógadar dhá chuingir carbaid agus chuir an rí i ndiaidh sluaite Arám iad á rá: “Téigí agus feicigí.”

15. Leanadar a lorg chomh fada leis an Iordáin, agus, féach! bhí éidí agus fearais a chaith na hArámaigh uathu le teann deabhaidh caite ar feadh an bhealaigh go léir. D'fhill an lucht braite leis an scéala sin don rí.

16. Ansin ghabh na daoine amach agus rinneadar longfort na nArámach a chreachadh. Bhí tomhas den phlúr is míne ar díol ar sheicil agus dhá thomhas eorna ar sheicil mar a dúirt an Tiarna a bheadh.

17. An feidhmeannach a bhí mar theannta ag an rí, bhí sé ceaptha aige mar chaptaen ar gharda an gheata, ach shatail na daoine air i mbéal an gheata agus fuair sé bás faoi mar a thairngir an giolla Dé nuair a tháinig an rí anuas chuige.

18. (Nuair a dúirt an giolla Dé leis an rí: “Beidh dhá thomhas eorna ar díol ar sheicil, agus tomhas den phlúr is míne ar sheicil um an dtaca seo amárach ag geata na Samáire,”

19. d'fhreagair an feidhmeannach an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir arbh fhéidir é sin a theacht i gcrích?” Agus dúirt seisean: “Feicfidh tú é le do shúile cinn, ach ní íosfaidh tú greim de.”

20. Agus sin é a tharla dó. Shatail na daoine air i mbéal an gheata agus fuair sé bás.)

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 7