Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 6:25-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Bhí gorta mór sa tSamáir agus bhí an léigear chomh dian go raibh ceann asail á dhíol ar ochtó seicil airgid, agus ceathrú cab [d'iniúin fhiáine] ar chúig seicil airgid.

26. Agus nuair a bhí rí Iosrael ag gabháil thart ar bhalla na cathrach, ghlaoigh bean, in ard a cinn air: “Fóir orm, a thiarna, mo rí.”

27. “Go bhfága an Tiarna gan fóirithint thú,” ar seisean, “cá bhfaighinnse leigheas do cháis? Ón urlár buailte nó ón gcantaoir fhíona?”

28. Ansin d'fhiafraigh an rí: “Cad tá ort?” D'fhreagair sí: “Dúirt an bhean seo liom: ‘Tabhair suas do mhac le hithe againn inniu, agus íosfaimid mo mhacsa amárach.’

29. Rinneamar mo mhac a bheiriú dá réir sin agus a ithe. Lá arna mhárach dúirt mé léi: ‘Tabhair suas do mhac le hithe againn,’ ach tá a mac i bhfolach aici.”

30. Nuair a chuala an rí focail na mná, stróic sé a chuid éadaigh; ós rud é go raibh sé ag siúl ar an mballa chonaic an pobal go raibh sacéadach, féach, lena chneas laistigh.

31. “Go ndéana Dia a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom,” ar sé, “má fhanann ceann Eilíseá mac Sheáfát ar a ghuaillí inniu!”

32. Bhí Eilíseá ina shuí ina theach agus na seanóirí ina suí ina thimpeall. Chuir an rí teachtaire óna láthair ach sular shroich sé, dúirt Eilíseá leis na seanóirí: “An bhfeiceann sibh mar a thug an dúnmharfóir úd ón mbroinn orduithe an ceann a scothadh díom? Féach, nuair a thiocfaidh an teachtaire, dúnaigí an doras air; coinnigí an doras dúnta air. Nach bhfuil truip choiscéim a mháistir le cloisteáil ina dhiaidh?”

33. Ag caint fós leo dósan, shroich [an rí]. “Is léir,” ar sé, “gur ón Tiarna an mí-ádh seo. Cén fáth a mbeadh muinín agam fós as an Tiarna?”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 6