Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 6:15-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Lá arna mhárach rinne giolla Dé mochóirí agus amach leis. B'shiúd díorma saighdiúirí le capaill agus carbaid timpeall na cathrach. “Mo léan, a mháistir, cad tá le déanamh againn?” arsa a shearbhónta.

16. D'fhreagair sé: “Ná bíodh eagla ort! Óir is mó atá linne ná mar atá leosan.”

17. Ansin rinne Eilíseá urnaí: “A Thiarna,” ar sé, “oscail a shúile agus tabhair radharc dó, impím ort.” D'oscail an Tiarna súile a shearbhónta agus chonaic sé an sliabh, féach, agus é clúdaithe le capaill agus le carbaid tine timpeall ar Eilíseá.

18. Nuair a bhí na hArámaigh ag druidim leis ghuigh Eilíseá chun an Tiarna: “Buail an dream seo, guím thú, le daille,” agus bhuail sé le daille iad de réir mar a d'impigh Eilíseá.

19. Ansin dúirt Eilíseá leo: Ní hé seo an bóthar, ná ní hí seo an chathair; lean mise agus treoróidh mé sibh chun an fhir atá sibh a lorg,” agus threoraigh sé chun na Samáire iad.

20. Ach a rabhadar tagtha isteach sa tSamáir dúirt Eilíseá: “A Thiarna, oscail súile an dreama seo i dtreo go mbeidh radharc acu.” Agus d'oscail an Tiarna a súile agus bhí radharc acu, agus ba shiúd i lár na Samáire iad.

21. Nuair a chonaic rí Iosrael iad, dúirt sé le hEilíseá: “An gcuirfidh mé chun báis iad, an gcuirfidh mé, a athair liom?”

22. D'fhreagair sé: “Ná maraigh iad. An gcuirfeá chun báis an mhuintir [nár] ghabh tú le do chlaíomh agus le do bhogha? Tabhair arán agus uisce dóibh le go gcaithfidís bia agus deoch agus dul ar ais go dtí a máistir.”

23. Chóirigh sé béile breá dóibh agus nuair a bhí bia agus deoch caite acu scaoil sé chun siúil iad agus chuadar ar ais chun a máistir. Níor tháinig na hArámaigh ag creachadh críocha Iosrael as sin amach.

24. Tharla ina dhiaidh sin gur chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir agus go ndeachaigh sé suas agus léigear a chur ar an tSamáir.

25. Bhí gorta mór sa tSamáir agus bhí an léigear chomh dian go raibh ceann asail á dhíol ar ochtó seicil airgid, agus ceathrú cab [d'iniúin fhiáine] ar chúig seicil airgid.

26. Agus nuair a bhí rí Iosrael ag gabháil thart ar bhalla na cathrach, ghlaoigh bean, in ard a cinn air: “Fóir orm, a thiarna, mo rí.”

27. “Go bhfága an Tiarna gan fóirithint thú,” ar seisean, “cá bhfaighinnse leigheas do cháis? Ón urlár buailte nó ón gcantaoir fhíona?”

28. Ansin d'fhiafraigh an rí: “Cad tá ort?” D'fhreagair sí: “Dúirt an bhean seo liom: ‘Tabhair suas do mhac le hithe againn inniu, agus íosfaimid mo mhacsa amárach.’

29. Rinneamar mo mhac a bheiriú dá réir sin agus a ithe. Lá arna mhárach dúirt mé léi: ‘Tabhair suas do mhac le hithe againn,’ ach tá a mac i bhfolach aici.”

30. Nuair a chuala an rí focail na mná, stróic sé a chuid éadaigh; ós rud é go raibh sé ag siúl ar an mballa chonaic an pobal go raibh sacéadach, féach, lena chneas laistigh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 6