Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 6:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt bráithreachas na bhfáithe le hEilíseá: “Féach, tá an áit ina bhfuil cónaí orainn taobh leat róchúng dúinn.

2. Téimis chun na Iordáine, agus gearradh gach duine againn sail ann agus déanaimis áit chónaithe dúinn féin ann.” D'fhreagair sé: “Téigí!”

3. Ansin dúirt duine díobh: “Ar mhiste leat dul le do shearbhóntaí?” “Rachaidh mé,” ar sé,

4. agus chuaigh sé leo. Nuair a tháinig siad chun na Iordáine ghearradar anuas crainn

5. ach ag gearradh saile do dhuine díobh, thit ceann iarainn a thua isteach san uisce. “Mo léan, a mháistir,” ar sé, “agus ba ar iasacht leis a bhí sé!”

6. “Cár thit sé?” d'fhiafraigh an giolla Dé de, agus thaispeáin sé an áit dó. Ansin ghearr sé slapar agus chaith isteach ansiúd é agus chuir an t‑iarrann ar snámh.

7. “Tóg amach é,” ar sé, agus shín an fear a lámh agus thóg é.

8. Bhí rí Arám i gcogadh le hIosrael. Chuaigh sé i gcomhairle lena oifigigh agus dúirt: “Déanaigí [ionsaí] ina leithéid seo d'áit.”

9. Ach chuir giolla Dé scéala go rí Iosrael: “Seachain agus ná téigh thar an áit sin, mar tá na hArámaigh chun [ionsaí] a dhéanamh ann.”

10. Chuir rí Iosrael dá réir sin díorma fear chun na háite a luaigh giolla Dé. Agus bhíodh sé ag tabhairt rabhaidh do rí Iosrael ar an gcuma sin agus bhíodh seisean san airdeall, agus tharla sin breis agus uair nó dhó.

11. Bhí seo ag cur an-bhuaireamh aigne ar rí Arám, agus ghlaoigh sé ar a fheidhmeannaigh agus dúirt: “Inis dom cé acu againn atá dár [mbrath] le rí Iosrael.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 6