Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 5:8-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ar a chloisteáil d'Eilíseá, giolla Dé, gur stróic rí Iosrael a chuid éadaigh, chuir sé scéala chun an rí: “Cad chuige ar stróic tú do chuid éadaigh? Lig dó teacht chugamsa, agus gheobhaidh sé amach go bhfuil fáidh in Iosrael.”

9. Dá bhrí sin tháinig Námán lena chapaill agus lena charbad agus stad sé ag doras theach Eilíseá.

10. Chuir Eilíseá teachtaire chuige á rá: “Imigh leat agus nigh thú féin seacht n‑uaire sa Iordáin; agus cneasóidh do chorp agus beidh tú glan athuair.”

11. Tháinig fearg ar Námán agus d'imigh sé leis á rá: “Shíl mé go dtiocfadh sé amach chugam, go ndéanfadh sin, agus go seasfadh sé amuigh ag glaoch ar ainm an Tiarna a Dhia, agus a lámh a shíneadh os cionn an bhaill agus an lobhar a leigheas.

12. Nach fearr iad an Abáná agus an Farpar, aibhneacha na Damaisce, ná a bhfuil d'uiscí in Iosrael chun go nífinn mé féin iontu agus go nglanfaí mé.” Dá bhrí sin thiontaigh sé agus d'imigh agus é ar buile.

13. Tháinig a shearbhónta chuige agus dúirt leis: “A athair, dá n‑iarrfadh an fáidh ort rud éigin deacair a dhéanamh, is cinnte go ndéanfá é. Nach móide is ceart duit a bhfuil ráite aige leat anois a dhéanamh: ‘Nigh thú féin agus beidh tú glan’?”

14. Ansin chuaigh sé síos agus thum é féin seacht n‑uaire sa Iordáin de réir chomhairle ghiolla Dé. Agus leigheasadh a chneas mar a bheadh cneas naíonáin ann agus bhí sé glan.

15. Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”

16. Ach d'fhreagair seisean: “Dar an Tiarna beo dá ndéanaim seirbhís, ní thógfaidh mé aon ní.” Agus bhí Námán ag tathant air ach ní dhéanfadh.

17. Ansin dúirt Námán: “Ós rud é nach dtógfaidh tú, tugtar, le do thoil, ualach dhá mhiúil de chré do do shearbhónta; mar as seo amach ní ofrálfaidh do shearbhónta íobairt dhóite ná eile d'aon dia ach don Tiarna.

18. Ach aon ní amháin - agus go maithe an Tiarna do do shearbhónta é - nuair a théann mo mháistir go teampall Rimeon le hadhradh a dhéanamh ann, luíonn sé ar mo ghéag agus cromaim síos i dteampall Rimeon [nuair a dhéanann seisean]. Go maithe an Tiarna an beart seo do shearbhónta.”

19. D'fhreagair sé: “Imigh faoi shíocháin!”Ach nuair a bhí Námán imithe tamall beag,

20. dúirt Géichizí, searbhónta Eilíseá, leis féin: “Is bog a scaoil mo mháistir leis an Arámach seo mar nár ghlac sé lenar ofráil sé dó. Dar an Tiarna beo, rithfidh mé ina dhiaidh agus gheobhaidh mé rud éigin uaidh.”

21. D'imigh Géichizí i ndiaidh Námán. Nuair a chonaic Námán é ag rith ina dhiaidh, phreab sé as a charbad le bualadh leis, agus dúirt: “An bhfuil gach ní ina cheart?”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 5