Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 4:21-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Chuaigh sí in airde staighre agus d'fhág ina luí é ar leaba Eilíseá, giolla Dé. Dhún sí an doras air agus d'imigh amach.

22. Chuir sí fios ar a fear agus dúirt: “Cuir duine de na searbhóntaí chugam le ceann de na hasail. Caithfidh mé brostú liom go dtí an giolla Dé agus ar ais arís.”

23. “Cad ab áil leat chuige inniu?” a d'fhiafraigh sé, “níl sé ina ré nua ná ina shabóid.” Ach d'fhreagair sí: “Tá gach ní ina cheart.”

24. Ansin chuir sí an diallait ar an asal agus dúirt lena searbhónta: “Tiomáin leat! Ar aghaidh leat! Ná moilligh dom nó go ndéarfaidh mé leat é.”

25. Chuir sí chun bóthair agus tháinig go dtí an giolla Dé ar Shliabh Chairmeil. Nuair a chonaic seisean uaidh í dúirt sé le Géichizí, a shearbhónta: “Féach, seo chugainn ár Siúnaemach!

26. Rith gan mhoill ina coinne agus cuir ceist uirthi: ‘An bhfuil tú ar fónamh? An bhfuil d'fhear céile ar fónamh? An bhfuil an leanbh ar fónamh?’ ” D'fhreagair sí: “Tá.”

27. Nuair a tháinig sí go dtí an giolla Dé ansiúd ar an sliabh, rug sí greim ar a chosa. Tháinig Géichizí lena brú i leataobh, ach dúirt an giolla Dé: “Lig di mar tá buaireamh ina croí, agus cheil an Tiarna orm é gan é a rá liom.”

28. Ansin dúirt sí: “Ar iarras mac ar mo thiarna? Nár dhúirt mé: ‘Ná meall mé’?”

29. “Cuir do chrios thar do choim,” ar sé ansin le Géichizí, “agus tóg mo bhata i do láimh, agus imigh. Má bhuaileann tú le haon duine, ná beannaigh dó; agus má bheannaíonn aon duine duit, ná tabhair freagra air; agus leag mo bhata ar aghaidh an linbh.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 4