Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 3:21-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Nuair a chuala Móáb go léir go raibh na ríthe tagtha aníos ag cur catha orthu, cuireadh tionól ar gach duine a bhí in ann arm a iompar idir óg is aosta, agus cuireadh in eagar catha iad ar an teorainn.

22. Ar maidin, nuair a d'éiríodar, bhí an ghrian ag taitneamh ar an uisce, agus thaibhsigh an t‑uisce dearg mar fhuil uathu do na Móábaigh.

23. “Fuil é seo,” ar siad, “ní foláir nó gur throid na ríthe eatarthu féin agus gur mharaíodar a chéile. Ar aghaidh chun na creiche, a Mhóáb, más ea!”

24. Ach nuair a shroich siad longfort Iosrael, d'éirigh na hIosraelaigh ina gcoinne agus thug siad fogha faoi na Móábaigh agus theith siadsan rompu, agus (ag dul ar aghaidh dóibh) rinneadar ár agus eirleach ar na Móábaigh.

25. Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil.

26. Nuair a chonaic rí Mhóáb go raibh an cath á bhriseadh air, bhailigh sé seacht gcéad de lucht iompair claímh féachaint an bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh amach agus dul go rí [Arám], ach theip air.

27. Ansin thóg sé an mac ba shine aige, a rídhamhna, agus d'ofráil é mar íobairt ar bhalla na cathrach. Bhuail taom tréan feirge iad in aghaidh Iosrael agus chúlaigh siadsan uaidh, agus d'fhill siad ar a dtír féin.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 3