Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 3:10-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ansin dúirt rí Iosrael: “Mo léan, tá glaoite ag an Tiarna ar an triúr rí seo, lenár dtabhairt i láimh Mhóáb.”

11. Ach dúirt rí Iúdá (Iahóiseáfát): “An bhfuil aon fháidh leis an Tiarna anseo trína bhféadfaimis dul i gcomhairle leis an Tiarna?” D'fhreagair duine de shearbhóntaí rí Iosrael: “Tá Eilíseá mac Sheáfat anseo, an té a scaoileadh an t‑uisce ar lámha Éilias.”

12. Dúirt (Iahóiseáfát) [rí Iúdá]: “Tá briathar an Tiarna leis.” Ghabhadar síos chuige dá bhrí sin - rí Iosrael, (Iahóiseáfát) [rí Iosrael], agus rí Eadóm.

13. Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: “Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe d'athar agus do mháthar.” D'fhreagair rí Iosrael: “Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.”

14. D'fhreagair Eilíseá: “Dar Tiarna beo na Slua, an té dá bhfónaim, mura mbeadh go bhfuil urraim agam do Iahóiseáfát, rí Iúdá, ní thabharfainn aon aird ort ná fiú féachaint i do threo.

15. Anois tabhair chugam ceoltóir.” Agus a luaithe a sheinn an ceoltóir, luigh lámh an Tiarna air,

16. agus dúirt sé: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé díog ar dhíog den chom seo,’

17. mar deir an Tiarna: ‘Ní fheicfidh sibh gaoth ná baisteach, ach líonfar an com seo d'uisce, agus ólfaidh sibh féin agus bhur saighdiúirí agus bhur mbeithígh iompair deoch as.”

18. Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht.

19. Gabhfaidh sibh gach cathair dhaingean (agus gach cathair thofa) de ruathar, leagfaidh sibh gach crann folláin, dúnfaidh sibh gach tobar fíoruisce, agus scriosfaidh sibh gach gort maith le clocha.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 3