Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 23:8-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Thug sé isteach na sagairt go léir as cathracha Iúdá agus thruailligh sé na hardionaid mar a ndódh na sagairt sin túis, ó Gheaba go Béar Seaba. Scartáil sé scrín na satairí a bhí ag geata Iósua, rialtóir na cathrach, a bhí ar do chlé ag dul geata na cathrach isteach.

9. Níor tháinig sagairt na n ardionad, ámh, suas go haltóir an Tiarna in Iarúsailéim, ach d'ithidís arán gan ghabháile i dteannta a gcomhshagart.

10. Thruailligh sé an fhoirnéis i nGleann Bein Hionnom i dtreo nárbh fhéidir d'aon duine a mhac nó a iníon a chur tríd an tine in ómós do Mhoilic.

11. Chuir sé ar shiúl na capaill a bhí tíolactha ag ríthe Iúdá don ghrian ag an tslí isteach go Teampall an Tiarna, in aice le seomra Natan Meilic, an coillteán, ar an taobh istigh, agus dhóigh sé carbad na gréine.

12. Na haltóirí ar an díon (ar sheomra uachtair Áchaz) a rinne ríthe Iúdá, agus na haltóirí a thóg an rí Manaise i dhá chúirt Theampall an Tiarna, leag an rí anuas iad agus rinne smidiríní díobh ar an láthair agus chaith a luaithreach isteach i nGleann Chidreon.

13. Thruailligh an rí na hardionaid os comhair Iarúsailéim laisteas do Chnoc na nOlóg; Solamh rí Iosrael a thóg iadsan do Aisteartae, gráiniúlacht na Síodónach, do Chamóis gráiniúlacht Mhóáb, agus do Mhiolcom gráiniúlacht na nAmónach.

14. Rinne sé bruscar de na colúin naofa, ghearr anuas na cuaillí naofa, agus chlúdaigh na háiteanna ar ar sheas siad le cnámha daoine.

15. Agus maidir leis an altóir ag Béitéil, an t‑ardionad a thóg Iarobám mac Nabát an té a threoraigh Iosrael isteach sa pheaca, scartáil sé an altóir sin agus an t‑ardionad agus rinne sé smidiríní dá clocha; agus bhris ina smúit iad. Agus dhóigh sé an cuaille naofa.

16. Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall chonaic sé na tuamaí ansiúd ar thaobh an chnoic; chuir sé fios ar na cnámha as an tuamaí agus dhóigh iad ar an altóir, agus thruailligh í de réir bhriathar an Tiarna a d'fhógair an giolla Dé [nuair a bhí Iarobám ina sheasamh ag an altóir le linn na féile. Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall, chonaic sé tuama an ghiolla Dé] a thairngir na nithe sin.

17. “Cén leacht é sin thall os mo chomhair?” ar sé. D'fhreagair muintir na cathrach é: “Sin é tuama an ghiolla Dé a tháinig ó Iúdá agus a thairngir na nithe sin a rinne tusa leis an altóir (i mBéitéil).”

18. “Ligigí dó,” arsa an rí, “agus ná cuireadh aon duine isteach ar a chnámha.” Níor chuir siad isteach ar a chnámha ach iad a fhágáil ansiúd mar aon le cnámha an fháidh ón tSamáir.

19. Scrios Ióisíá chomh maith scrínte na n‑ardionad a bhí i gcathracha na Samáire a thóg ríthe Iosrael, agus lenar ghriog siad an Tiarna chun feirge; thug sé an íde chéanna orthusan agus a thug sé ar an gceann i mBéitéil.

20. Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n‑ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d'fhill sé go Iarúsailéim.

21. Thug an rí an t‑ordú seo don phobal go léir: “Ceiliúraigí Cáisc in onóir an Tiarna bhur nDia, mar atá scríofa i leabhar an chonartha.”

22. Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc ó laethanta na mbreithiúna a bhí ag rialú Iosrael, ná le linn réimeas na ríthe go léir a bhí ar Iosrael ná ar Iúdá.

23. Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc riamh in onóir an Tiarna i Iarúsailéim ach amháin san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí.

24. Scuab Ióisíá chun siúil leis an lucht asarlaíochta agus feasa, na déithe teallaigh agus na híola agus na gráiniúlachtaí go léir a bhíodh le feiceáil i dtír Iúdá agus in Iarúsailéim; rinne sé é sin go léir d'fhonn briathra an dlí go léir a bhí scríofa sa leabhar a fuair an sagart Hilcíá i dTeampall an Tiarna a chur i bhfeidhm.

25. Níor iompaigh aon rí dar ghabh roimhe chun an Tiarna mar a rinne seisean ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, agus ó neart go hiomlán, le barr dílseachta do dhlí uile Mhaois; ná níor tháinig a leithéid de rí riamh ina dhiaidh.

26. Ach níor mhaolaigh ar fhraoch feirge an Tiarna a bhí ar lasadh in aghaidh Iúdá de bharr a raibh de ghriogadh déanta ag Manaise faoi.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 23