Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 23:8-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Thug sé isteach na sagairt go léir as cathracha Iúdá agus thruailligh sé na hardionaid mar a ndódh na sagairt sin túis, ó Gheaba go Béar Seaba. Scartáil sé scrín na satairí a bhí ag geata Iósua, rialtóir na cathrach, a bhí ar do chlé ag dul geata na cathrach isteach.

9. Níor tháinig sagairt na n ardionad, ámh, suas go haltóir an Tiarna in Iarúsailéim, ach d'ithidís arán gan ghabháile i dteannta a gcomhshagart.

10. Thruailligh sé an fhoirnéis i nGleann Bein Hionnom i dtreo nárbh fhéidir d'aon duine a mhac nó a iníon a chur tríd an tine in ómós do Mhoilic.

11. Chuir sé ar shiúl na capaill a bhí tíolactha ag ríthe Iúdá don ghrian ag an tslí isteach go Teampall an Tiarna, in aice le seomra Natan Meilic, an coillteán, ar an taobh istigh, agus dhóigh sé carbad na gréine.

12. Na haltóirí ar an díon (ar sheomra uachtair Áchaz) a rinne ríthe Iúdá, agus na haltóirí a thóg an rí Manaise i dhá chúirt Theampall an Tiarna, leag an rí anuas iad agus rinne smidiríní díobh ar an láthair agus chaith a luaithreach isteach i nGleann Chidreon.

13. Thruailligh an rí na hardionaid os comhair Iarúsailéim laisteas do Chnoc na nOlóg; Solamh rí Iosrael a thóg iadsan do Aisteartae, gráiniúlacht na Síodónach, do Chamóis gráiniúlacht Mhóáb, agus do Mhiolcom gráiniúlacht na nAmónach.

14. Rinne sé bruscar de na colúin naofa, ghearr anuas na cuaillí naofa, agus chlúdaigh na háiteanna ar ar sheas siad le cnámha daoine.

15. Agus maidir leis an altóir ag Béitéil, an t‑ardionad a thóg Iarobám mac Nabát an té a threoraigh Iosrael isteach sa pheaca, scartáil sé an altóir sin agus an t‑ardionad agus rinne sé smidiríní dá clocha; agus bhris ina smúit iad. Agus dhóigh sé an cuaille naofa.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 23