Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 23:27-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Dúirt an Tiarna: “Tiomáinfidh mé Iúdá as mo radharc chomh maith, faoi mar a rinne mé le hIosrael agus caithfidh mé i leataobh an chathair seo a thogh mé, Iarúsailéim, agus an Teampall a ndúirt mé faoi: ‘Ansin a lonnóidh m'ainm.’ ”

28. An chuid eile de stair Ióisíá, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

29. Lena linn ghabh Forann Neaco, rí na hÉigipte, an bealach go dtí rí na hAsaíre ag abhainn an Eofrataes. Chuaigh Ióisíá rí ina choinne ach mharaigh Forann Neaco é sa chéad ionsaí ag Migideo.

30. Thug a shearbhóntaí a chorp i gcarbad leo ó Mhigideo, agus thugadar é go Iarúsailéim, agus chuireadar é ina thuama féin. Agus thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinneadar é a ungadh agus a fhógairt ina rí i gcomharbacht ar a athair.

31. Bhí Iahóácház trí bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim. Hamaútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.

32. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna a shinsir.

33. Chuir Forann Neaco i gcuibhreacha é ag Ribleá i ndúiche Hamát (agus é ina rí in Iarúsailéim) agus chuir cáin céad tallann airgid agus tallann óir ar an tír.

34. Rinne Forann Neaco rí de Eiliácaím mac Ióisíá in áit Ióisíá a athair, agus d'athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug sé Iahóácház leis agus thug chun na hÉigipte é mar a bhfuair sé bás.

35. Dhíol Iahóiácaím an t‑airgead agus an t‑ór le Forann, ach níorbh fholáir dó ar dtús cáin a thobhach ar an tír d'fhonn an t‑airgead a sholáthar a d'éiligh Forann. Rinne sé an t‑airgead agus an t‑ór a thobhach ar mhuintir na tíre, ar gach duine de réir a mhaoine le díol le Forann Neaco.

36. Bhí Iahóiácaím cúig bliana agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Zibídeá, iníon Pheadáiá ó Rúmá, ab ainm dá mháthair.

37. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a shinsir.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 23