Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 23:17-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. “Cén leacht é sin thall os mo chomhair?” ar sé. D'fhreagair muintir na cathrach é: “Sin é tuama an ghiolla Dé a tháinig ó Iúdá agus a thairngir na nithe sin a rinne tusa leis an altóir (i mBéitéil).”

18. “Ligigí dó,” arsa an rí, “agus ná cuireadh aon duine isteach ar a chnámha.” Níor chuir siad isteach ar a chnámha ach iad a fhágáil ansiúd mar aon le cnámha an fháidh ón tSamáir.

19. Scrios Ióisíá chomh maith scrínte na n‑ardionad a bhí i gcathracha na Samáire a thóg ríthe Iosrael, agus lenar ghriog siad an Tiarna chun feirge; thug sé an íde chéanna orthusan agus a thug sé ar an gceann i mBéitéil.

20. Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n‑ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d'fhill sé go Iarúsailéim.

21. Thug an rí an t‑ordú seo don phobal go léir: “Ceiliúraigí Cáisc in onóir an Tiarna bhur nDia, mar atá scríofa i leabhar an chonartha.”

22. Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc ó laethanta na mbreithiúna a bhí ag rialú Iosrael, ná le linn réimeas na ríthe go léir a bhí ar Iosrael ná ar Iúdá.

23. Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc riamh in onóir an Tiarna i Iarúsailéim ach amháin san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí.

24. Scuab Ióisíá chun siúil leis an lucht asarlaíochta agus feasa, na déithe teallaigh agus na híola agus na gráiniúlachtaí go léir a bhíodh le feiceáil i dtír Iúdá agus in Iarúsailéim; rinne sé é sin go léir d'fhonn briathra an dlí go léir a bhí scríofa sa leabhar a fuair an sagart Hilcíá i dTeampall an Tiarna a chur i bhfeidhm.

25. Níor iompaigh aon rí dar ghabh roimhe chun an Tiarna mar a rinne seisean ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, agus ó neart go hiomlán, le barr dílseachta do dhlí uile Mhaois; ná níor tháinig a leithéid de rí riamh ina dhiaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 23