Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 23:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin chruinnigh an rí chuige féin seanóirí Iúdá agus Iarúsailéim go léir.

2. Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus fháithe agus an pobal ar fad idir uasal agus íseal. Léigh sé amach in éisteacht a gcluas gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna.

3. Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.

4. Thug an rí ordú don ardsagart Hilcíá, [don leasardsagart], agus do ghardaí na tairsí, na soithí a rinneadh do Bhál, d'Aiséará agus do shluaite uile na spéire a chur amach as Teampall an Tiarna; agus dhóigh sé iad lasmuigh de Iarúsailéim i ngoirt an Chidreon, agus thug a luaithreach go Béitéil.

5. Chuir sé chun siúil na sagairt bhréige a cheap ríthe Iúdá agus a bhíodh ag ofráil íobairtí ar na hardionaid i mbailte Iúdá, agus i gcomharsanacht Iarúsailéim; agus chomh maith leo, iad siúd a bhíodh ag dó túise do Bhál, don ghrian, don ghealach, do na plainéid agus do shluaite uile na spéire.

6. Thug sé an tAiséará amach as Teampall an Tiarna, lasmuigh de Iarúsailéim, go Gleann Chidreon, agus dhóigh sé é i nGleann Chidreon, agus rinne luaithreach de agus chaith a chuid luaithrigh ar uaigheanna na cosmhuintire.

7. Leag sé tithe na striapacha naofa fir a bhí i dTeampall an Tiarna mar a mbíodh na mná ag fí brat d'Aiséará.

8. Thug sé isteach na sagairt go léir as cathracha Iúdá agus thruailligh sé na hardionaid mar a ndódh na sagairt sin túis, ó Gheaba go Béar Seaba. Scartáil sé scrín na satairí a bhí ag geata Iósua, rialtóir na cathrach, a bhí ar do chlé ag dul geata na cathrach isteach.

9. Níor tháinig sagairt na n ardionad, ámh, suas go haltóir an Tiarna in Iarúsailéim, ach d'ithidís arán gan ghabháile i dteannta a gcomhshagart.

10. Thruailligh sé an fhoirnéis i nGleann Bein Hionnom i dtreo nárbh fhéidir d'aon duine a mhac nó a iníon a chur tríd an tine in ómós do Mhoilic.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 23