Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 22:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Ióisíá ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim. Idídeá, iníon Adáiá ó Bhozcat, ab ainm dá mháthair.

2. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.

3. San ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí chuir an rí Seáfán mac Azailiá mac Mheisiulám, an rúnaí, go Teampall an Tiarna.

4. “Téigh go Hilcíá, an t‑ardsagart,” ar sé leis, “agus abair leis an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus é siúd a chruinnigh gardaí na tairsí ón bpobal, [a leá].

5. Tugtar ansin é do shaoistí na n‑oibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna le go gcaithfidís é ar an lucht oibre atá i mbun Teampall an Tiarna a dheisiú,

6. ar na siúinéirí, is é sin, agus ar na tógálaithe, agus ar na saoir, agus chomh maith ar adhmad agus cloch ghearrtha a cheannach do dheisiú an Teampaill.

7. Ach ní iarrfar orthu cuntas a thabhairt ar an airgead a thabharfar dóibh, mar tá siad ionraic ó bheart.”

8. Dúirt Hilcíá, an t‑ardsagart, le Seáfán, an rúnaí: “Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna.” Agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán agus léigh seisean é.

9. Chuaigh Seáfán an rúnaí go dtí an rí agus seo mar a d'aithris sé dó: “Rinne do shearbhóntaí,” ar seisean, “an t‑airgead a bhí sa Teampall a leá, agus thug siad é do na saoistí ar na hoibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna.”

10. Ansin d'inis Seáfán, an rúnaí, don rí: “Tá Hilcíá, an sagart, tar éis leabhar a bhronnadh orm,” agus léigh Seáfán os ard i láthair an rí é.

11. Nuair a bhí a raibh i leabhar an dlí cloiste ag an rí stróic sé a chuid éadaigh.

12. Ansin thug an rí an t‑ordú seo leanas do Hilcíá, an sagart, d'Aichíceám mac Sheáfán, d'Acbór mac Mhícáiá, do Sheáfán, an rúnaí, agus d'Asáiá, searbhónta an rí:

13. “Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin agus thar ceann an phobail i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Ní foláir nó is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nach raibh ár n‑aithreacha umhal d'fhocail an leabhair seo agus nár chuir siad gach rud i gcrích atá scríofa ann.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 22