Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 20:2-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. D'iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé an ghuí seo chun an Tiarna:

3. “Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.

4. Sula raibh an chúirt mheánach fágtha ag Íseáia tháinig focal an Tiarna chuige:

5. “Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: ‘Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna.

6. Tabharfaidh mé cúig bliana déag d'fhad saoil duit. Déanfaidh mé thusa agus an chathair seo a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chosaint ar mo shon féin agus ar son mo shearbhónta Dáiví.’ ”

7. Dúirt Íseáia: “Tugtar ceirín figí anseo, agus [tógtar agus cuirtear leis an neascóid é le go leigheasfaí] an rí.”

8. Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “Cén comhartha a inseoidh dom go leigheasfaidh an Tiarna mé agus go mbeidh mé ag dul suas go Teampall an Tiarna faoi cheann trí lá?”

9. “Seo é an comhartha ón Tiarna,” arsa Íseáia, “go ndéanfaidh sé mar atá ráite aige; arbh fhearr leat an scáth a dhul deich gcéim i bhfad, nó a dhul deich gcéim ar gcúl?”

10. “Is furasta don scáth dul deich gcéim i bhfad,” arsa Hiziciá; “téadh sé ar gcúl, más ea, deich gcéim.”

11. Ghlaoigh an fáidh Íseáia ansin chun an Tiarna agus thug seisean an scáth deich gcéim ar gcúl [ar chéimeanna] Áchaz.

12. San am sin chuir Marodac Baladán mac Bhaladán rí na Bablóine teachtairí le litreacha agus bronntanas go Hiziciá mar gur chuala sé faoina thinneas [agus faoina leigheas].

13. Chuir sin gliondar ar Hiziciá agus thaispeáin sé a theach taisce go léir do na teachtairí, an t‑airgead, an t‑ór, na spíosraí, an ola luachmhar, a stóras airm chomh maith, agus gach rud a bhí ina thithe stóir. Ní raibh aon ní ina phálás ná ina chríocha go léir nár thaispeáin Hiziciá dóibh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 20