Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 20:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ansin tháinig an fáidh Íseáia go dtí Hiziciá rí agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na fir seo, agus cad as ar thángadar?” D'fhreagair Hiziciá: “Thángadar ón imigéin, ón mBablóin.”

15. Dúirt sé: “Cad a chonaic siad i do phálas?” “Chonaic siad gach rud atá i mo theach,” arsa Hiziciá. “Níl aon ní i mo stórais nár thaispeáin mé dóibh.”

16. Ansin dúirt Íseáia le Hiziciá:

17. “Éist le briathar an Tiarna: ‘Féach, tiocfaidh na laethanta nuair a sciobfar chun siúil go dtí an Bhablóin gach rud atá i do phálás, gach rud a chruinnigh do shinsir go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní,’ arsa an Tiarna.

18. ‘Déanfar cuid de do chlann mhac a rugadh duit a bhreith chun siúil agus a roghnú le bheith ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.’ ”

19. Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “An focal seo leis an Tiarna a d'fhógair tú, is maith é,” mar bhí sé á rá leis féin: “Nach cuma é? fad atá síocháin le mo ré agus sinn saor ó bhaol.”

20. An chuid eile de stair Hiziciá, a chrógacht go léir, conas mar a thóg sé an linn agus an tollán leis an uisce a thabhairt isteach sa chathair, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

21. Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Manaise i gcomharbacht air.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 20