Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 20:13-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Chuir sin gliondar ar Hiziciá agus thaispeáin sé a theach taisce go léir do na teachtairí, an t‑airgead, an t‑ór, na spíosraí, an ola luachmhar, a stóras airm chomh maith, agus gach rud a bhí ina thithe stóir. Ní raibh aon ní ina phálás ná ina chríocha go léir nár thaispeáin Hiziciá dóibh.

14. Ansin tháinig an fáidh Íseáia go dtí Hiziciá rí agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na fir seo, agus cad as ar thángadar?” D'fhreagair Hiziciá: “Thángadar ón imigéin, ón mBablóin.”

15. Dúirt sé: “Cad a chonaic siad i do phálas?” “Chonaic siad gach rud atá i mo theach,” arsa Hiziciá. “Níl aon ní i mo stórais nár thaispeáin mé dóibh.”

16. Ansin dúirt Íseáia le Hiziciá:

17. “Éist le briathar an Tiarna: ‘Féach, tiocfaidh na laethanta nuair a sciobfar chun siúil go dtí an Bhablóin gach rud atá i do phálás, gach rud a chruinnigh do shinsir go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní,’ arsa an Tiarna.

18. ‘Déanfar cuid de do chlann mhac a rugadh duit a bhreith chun siúil agus a roghnú le bheith ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.’ ”

19. Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “An focal seo leis an Tiarna a d'fhógair tú, is maith é,” mar bhí sé á rá leis féin: “Nach cuma é? fad atá síocháin le mo ré agus sinn saor ó bhaol.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 20