Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 20:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Cuir eagar ar do chúraimí, mar gheobhaidh tú bás gan téarnamh.’ ”

2. D'iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé an ghuí seo chun an Tiarna:

3. “Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.

4. Sula raibh an chúirt mheánach fágtha ag Íseáia tháinig focal an Tiarna chuige:

5. “Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: ‘Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna.

6. Tabharfaidh mé cúig bliana déag d'fhad saoil duit. Déanfaidh mé thusa agus an chathair seo a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chosaint ar mo shon féin agus ar son mo shearbhónta Dáiví.’ ”

7. Dúirt Íseáia: “Tugtar ceirín figí anseo, agus [tógtar agus cuirtear leis an neascóid é le go leigheasfaí] an rí.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 20