Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 2:15-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Chonaic bráithreachas na bhfáithe (in Ireachó) uathu é, agus dúradar: “Tá spiorad Éilias luite ar Eilíseá,” agus thángadar ina araicis agus chromadar chun talún ina láthair.

16. “Féach, tá caoga fear tréan i dteannta do shearbhóntaí anois,” ar siad leis; “lig dóibh imeacht, le do thoil, chun do mháistir a chuardach; b'fhéidir gurb amhlaidh a d'ardaigh spiorad an Tiarna in airde leis é agus é a chaitheamh anuas ar chnoc éigin nó síos i ngleann éigin.” Ach dúirt sé: “Ná cuirigí aon duine uaibh.”

17. Ach bhíodar ag tathant air gur chuireadar náire air nó go ndúirt sé: “Cuirigí.” Chuireadar caoga fear dá bhrí sin agus bhíodar á lorg ar feadh trí lá ach gan é a fháil.

18. Ansin thángadar ar ais go hEilíseá a d'fhan in Ireachó agus dúirt sé leo: “Nár dhúirt mé libh gan dul?”

19. Dúirt muintir na cathrach le hEilíseá: “Féach, is taitneamhach an ball í an chathair seo, mar is léir do mo thiarna, ach tá an t‑uisce bréan agus tá an ithir neamhthorthúil.”

20. “Tugaigí crúiscín nua chugam,” ar sé, “agus cuirigí roinnt salainn ann.” Thugadar chuige é.

21. Chuaigh sé ansin go súil an tobair agus chaith salann isteach inti, agus dúirt: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Rinne mé an t‑uisce seo glan; ní bheidh bás ná marbhghin as feasta.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 2