Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 18:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá - ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael - tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi.

10. Ghabh sé í tar éis trí bliana. Gabhadh an tSamáir sa séú bliain de réimeas Hiziciá, an naoú bliain de réimeas Hóiséa rí Iosrael.

11. Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.

12. Tharla sin mar nár ghéill siad do ghlór an Tiarna a nDia, agus gur sháraigh siad a chonradh, agus nár thug siad cluas do gach ar ordaigh Maois, searbhónta an Tiarna, agus go raibh siad easumhal dó.

13. Sa cheathrú bliain déag de réimeas Hiziciá, tháinig Sanaichéiríb rí na hAsaíre agus d'ionsaigh sé cathracha daingne Iúdá agus ghabh sé iad.

14. Ansin chuir Hiziciá rí Iúdá teachtaireacht go rí na hAsaíre i Láicís. “Rinne mé coir; cas i leataobh uaim; cuirfidh mé suas le cibé pionós a leagfaidh tú orm.” Agus d'éiligh rí na hAsaíre trí chéad tallann airgid agus tríocha tallann óir ar Hiziciá rí Iúdá.

15. Agus thug Hiziciá a raibh d'airgead i dTeampall an Tiarna agus i gcistí phálás an rí dó.

16. Ansin is ea a bhain Hiziciá an t‑ór de chomhlaí agus d'ursaineacha Theampall an Tiarna, an t‑ór a chuir (Hiziciá) rí Iúdá mar chumhdach orthu, agus thug é do rí na hAsaíre.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 18