Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 18:26-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Ansin dúirt Eiliácaím mac Hilcíá agus Seabná agus Ióách leis an bpríomhchornaire: “Labhair as Aramais le do thoil le do shearbhóntaí mar tuigimid í; ná labhair linn as teanga Iúdá i gclos na ndaoine ar na ballaí.”

27. Ach dúirt an príomhchornaire leo: “An dóigh leat gur le hé seo a rá le do mháistir nó leatsa a chuir mo mháistir mise anseo? Ní hea ach leis na daoine ar na ballaí, a bhfuil sé i ndán dóibh a gcac féin a ithe, agus a mún féin a ól bhur ndála féin.”

28. Ansin sheas an príomhchornaire agus dúirt in ard a chinn agus a ghutha i dteanga Iúdá: “Éistigí le briathar an rí mhóir, rí na hAsaíre.

29. Mar seo a deir an rí: ‘Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh mar ní bheidh ar a chumas sibh a fhuascailt as mo ghreim.

30. Ná cuireadh Hiziciá ina luí oraibh a bheith ag brath ar an Tiarna lena rá libh: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt go cinnte agus ní thabharfar an chathair seo i lámha rí na hAsaíre.’

31. Ná héistigí le Hiziciá, mar seo mar a deir rí na hAsaíre: ‘Déanaigí síocháin liom, agus géilligí dom, agus íosfaidh gach duine agaibh toradh a fhíniúna féin, agus toradh a chrann figí féin, agus ólfaidh gach duine agaibh uisce as a umar féin,

32. nó go dtaga mé agus sibh a bhreith liom go tír mar bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort, tír ológ agus meala, i dtreo nach bás ach beatha a bheidh i ndán daoibh. Ná héistigí le Hiziciá agus é ag cur an dallamullóg oraibh á rá: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt.

33. A ndearna aon dia d'aon chine a thír a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre?

34. Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafarvaím agus Haena, agus Íveá? [Cá bhfuil déithe thír na Samáire?] Ar fhuascail siad an tSamáir as mo ghreim?

35. Cé acu déithe de dhéithe na dtíortha go léir a d'fhuascail a dtíortha as mo lámha, go bhféadfadh an Tiarna Iarúsailéim a fhuascailt as mo lámha?’ ”

36. Ach bhí an pobal ina dtost gan focal astu, mar thug an rí ordú, á rá: “Na tugaigí freagra air!”

37. Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 18