Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 18:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire.

18. Chuir sé fios ar an rí agus chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá reachtaire an pháláis, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, amach chuige.

19. Dúirt an príomhchornaire leo: “Abair le Hiziciá: ‘Mar seo a deir an rí mór, rí na hAsaíre: Cad as a bhfuil an mhuinín seo go léir agat?

20. An dóigh leat go bhfuil focail bhaotha chomh maith le straitéis agus cumhacht mhíleata? Cé as a bhfuil do sheasamh a rá is go bhfuil sé de dhánaíocht ionat ceannairc a dhéanamh i m'aghaidh?

21. Is léir go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt anois, an ghiolcach bhriste sin, bata a phriocann agus a ghoineann lámh an té a luíonn uirthi - mar sin atá ag Forann rí na hÉigipte le gach duine a bhíonn ag brath air.

22. B'fhéidir go ndéarfadh sibh liom: Ar an Tiarna ár nDia atáimid ag brath. Ach nach iad a ardionaidsean agus a altóirí a thóg Hiziciá chun siúil, a rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: Sí an altóir seo in Iarúsailéim ar cheart daoibh adhradh os a comhair?

23. Cuir geall anois, más ea, le mo mháistir, rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit más féidir leat dhá mhíle marcach a fháil le dul ar a muin.

24. Cén chaoi arbh fhéidir leat oiread agus aon chaptaen amháin den lucht is táire de shearbhóntaí mo mháistir a chloí a rá is go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt d'eachra agus do charbaid?

25. Agus thairis sin, an bhfuilimse tagtha aníos chun an áit seo a ionsaí agus a scrios gan barántas ón Tiarna? Dúirt an Tiarna féin liom: Gluais i gcoinne na tíre sin agus déan é a scrios.’ ”

26. Ansin dúirt Eiliácaím mac Hilcíá agus Seabná agus Ióách leis an bpríomhchornaire: “Labhair as Aramais le do thoil le do shearbhóntaí mar tuigimid í; ná labhair linn as teanga Iúdá i gclos na ndaoine ar na ballaí.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 18