Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 17:9-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Dúirt clann Iosrael nithe éagóra in aghaidh an Tiarna a nDia. Cibé áit inar chuir siad fúthu, ó thúr faire go cathair dhaingean, thóg siad ardionaid dóibh féin.

10. Chuir siad suas colúin agus cuaillí naofa dóibh féin ar gach cnoc ard agus faoi gach crann craobhach.

11. D'ofrálaidís íobairtí túise (ar na hardionaid go léir) mar a dhéanadh na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna rompu. Rinneadar gníomhartha coiriúla agus ghriogadar an Tiarna chun feirge.

12. D'adhradar íola cé go ndúirt an Tiarna leo: “Ná déanaigí amhlaidh.”

13. Mar sin féin thug an Tiarna an rabhadh seo d'Iosrael agus do Iúdá trí bhéal na bhfáithe agus an lucht físe go léir: “Filligí ó bhur ndrochshlite agus coinnigí m'aitheanta agus mo reachtanna de réir an dlí iomláin a leag mé amach do bhur n‑aithreacha agus a thug mé daoibh trí mo shearbhóntaí, na fáithe.”

14. Ach ní éistfeadh siad; bhí siad níos stuacaí ná a sinsir a bhí gan creideamh sa Tiarna a nDia.

15. Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.

16. Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.

17. Chuir siad d'iallach ar a gclann mhac agus iníonacha gabháil trí thine; chleacht siad fáidheoireacht agus piseoga agus rinne siad iad féin a reic le holc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.

18. Mar gheall air sin bhí an Tiarna i bhfeirg le hIosrael agus chaith sé uaidh iad. Níor fágadh ach treibh Iúdá amháin.

19. Ach níor choimeád Iúdá freisin aitheanta an Tiarna, a nDia, ach aithris a dhéanamh ar na nósanna ar chuir Iosrael tús leo.

20. Chaith an Tiarna sliocht Iosrael go léir i leataobh; leag ar lár iad, agus thug i lámha lucht a gcreachta iad go dtí ar deireadh gur thiomáin sé uaidh iad.

21. Nuair a stoll sé Iosrael ó theaghlach Dháiví, rinne siad rí de Iarobám mac Nabát. Agus sheol Iarobám Iosrael ó lorg an Tiarna agus threoraigh iad isteach i gcoir mhór.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 17