Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 17:30-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Rinne muintir na Bablóine Sucót Banót, muintir Chút Néargál, muintir Hamát Aisímeá,

31. muintir Avá Nibcheaz agus Tartác; agus rinne muintir Shafarvaím a gclann a dhó in onóir Adraimeilic agus Anaimeilic, déithe Shafarvaím.

32. Ach thug siad ómós don Tiarna chomh maith, agus cheap siad sagairt as a muintir féin do na hardionaid le híobairtí a dhéanamh ar a son i scrínte na n‑ardionad.

33. Thug siad ómós don Tiarna, agus rinne siad fónamh dá ndéithe féin san am céanna de réir nósanna na dtíortha as ar ionnarbadh iad.

34. Leanann siad na seanghnásanna fós inniu.Níor thug siad urraim don Tiarna, ná níor lean siad a reachtanna ná a ghnásanna, ná an dlí ná na haitheanta a leag an Tiarna ar shliocht Iacóib dár thug sé an t‑ainm Iosrael.

35. Rinne an Tiarna conradh leo agus thug an t‑ordú seo dóibh: “Ná tugaigí ómós do dhéithe coigríocha, ná cromaigí síos rompu, ná déanaigí seirbhís ná íobairt dóibh.

36. Tugaigí ómós don Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le géag ar tinneall; cromaigí síos roimhe agus déanaigí íobairt dó.

37. Leanaigí a reachtanna agus a ghnásanna, an dlí agus na haitheanta a scríobh sé daoibh, agus atá le comhlíonadh agaibh i gcónaí go beacht. Ná tugaigí ómós d'aon déithe eile,

38. agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne mé libh; ná bíodh urraim agaibh do dhéithe coigríocha

39. ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.”

40. Ach níor thugadar cluas dó, ach a seanghnásanna a leanúint.

41. Thug na náisiúin úd ómós don Tiarna dá bhrí sin. Ach rinneadar seirbhís dá n‑íola greanta chomh maith; is é an scéal céanna ag a sliocht agus ag sliocht a sleachta fós inniu - tá siad ag déanamh mar a rinne a sinsir rompu.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 17