Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 17:20-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Chaith an Tiarna sliocht Iosrael go léir i leataobh; leag ar lár iad, agus thug i lámha lucht a gcreachta iad go dtí ar deireadh gur thiomáin sé uaidh iad.

21. Nuair a stoll sé Iosrael ó theaghlach Dháiví, rinne siad rí de Iarobám mac Nabát. Agus sheol Iarobám Iosrael ó lorg an Tiarna agus threoraigh iad isteach i gcoir mhór.

22. Rinne clann Iosrael aithris ar na peacaí go léir a rinne Iarobám, gan éirí astu,

23. nó gur chaith an Tiarna Iosrael as a radharc de réir mar a gheall sé trí bhéal a shearbhóntaí go léir, na fáithe. Mar sin atá Iosrael san Asaír ar díbirt óna dtír féin go dtí an lá inniu.

24. Thug rí na hAsaíre daoine ón mBablóin, ó Chútá, ó Avá, ó Hamát, agus ó Shafarvaím, agus chuir sé iad chun cónaithe i gcathracha na Samáire in áit chlann Iosrael. Ghabh siadsan seilbh ar an tSamáir agus chuaigh chun cónaí ina cathracha.

25. Nuair a chuir siad fúthu ar dtús ann, níor thug siad ómós don Tiarna, agus dá bhrí sin sheol an Tiarna leoin ina measc agus mharaigh siadsan cuid acu.

26. Duradh ansin le rí na hAsaíre: “Na ciníocha a thug tú leat agus a chuir tú chun cónaí i gcathracha na Samáire, ní eol dóibh dlí Dhia na tíre, agus sheol seisean leoin ina gcoinne agus tá siadsan á marú mar nach eol dóibh dlí Dhia na tíre.”

27. Thug rí na hAsaíre ordú uaidh ansin: “Cuirigí ar ais ansiúd duine de na sagairt a dhíbir [mé] ón áit sin agus téadh sé chun cónaí ann, agus múineadh sé dóibh dlí Dhia na tíre.”

28. Tháinig duine de na sagairt a díbríodh ón tSamáir chun cónaí i mBéitéil dá bhrí sin, agus mhúin sé dóibh conas an Tiarna a adhradh.

29. Ach rinne gach cine a íola féin, agus chuir iad i scrínte na n‑ardionad a bhí déanta ag na Samáraigh; rinne gach cine é sin sna cathracha inar lonnaíodar.

30. Rinne muintir na Bablóine Sucót Banót, muintir Chút Néargál, muintir Hamát Aisímeá,

31. muintir Avá Nibcheaz agus Tartác; agus rinne muintir Shafarvaím a gclann a dhó in onóir Adraimeilic agus Anaimeilic, déithe Shafarvaím.

32. Ach thug siad ómós don Tiarna chomh maith, agus cheap siad sagairt as a muintir féin do na hardionaid le híobairtí a dhéanamh ar a son i scrínte na n‑ardionad.

33. Thug siad ómós don Tiarna, agus rinne siad fónamh dá ndéithe féin san am céanna de réir nósanna na dtíortha as ar ionnarbadh iad.

34. Leanann siad na seanghnásanna fós inniu.Níor thug siad urraim don Tiarna, ná níor lean siad a reachtanna ná a ghnásanna, ná an dlí ná na haitheanta a leag an Tiarna ar shliocht Iacóib dár thug sé an t‑ainm Iosrael.

35. Rinne an Tiarna conradh leo agus thug an t‑ordú seo dóibh: “Ná tugaigí ómós do dhéithe coigríocha, ná cromaigí síos rompu, ná déanaigí seirbhís ná íobairt dóibh.

36. Tugaigí ómós don Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le géag ar tinneall; cromaigí síos roimhe agus déanaigí íobairt dó.

37. Leanaigí a reachtanna agus a ghnásanna, an dlí agus na haitheanta a scríobh sé daoibh, agus atá le comhlíonadh agaibh i gcónaí go beacht. Ná tugaigí ómós d'aon déithe eile,

38. agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne mé libh; ná bíodh urraim agaibh do dhéithe coigríocha

39. ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 17