16. Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.
17. Chuir siad d'iallach ar a gclann mhac agus iníonacha gabháil trí thine; chleacht siad fáidheoireacht agus piseoga agus rinne siad iad féin a reic le holc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.
18. Mar gheall air sin bhí an Tiarna i bhfeirg le hIosrael agus chaith sé uaidh iad. Níor fágadh ach treibh Iúdá amháin.
19. Ach níor choimeád Iúdá freisin aitheanta an Tiarna, a nDia, ach aithris a dhéanamh ar na nósanna ar chuir Iosrael tús leo.
20. Chaith an Tiarna sliocht Iosrael go léir i leataobh; leag ar lár iad, agus thug i lámha lucht a gcreachta iad go dtí ar deireadh gur thiomáin sé uaidh iad.
21. Nuair a stoll sé Iosrael ó theaghlach Dháiví, rinne siad rí de Iarobám mac Nabát. Agus sheol Iarobám Iosrael ó lorg an Tiarna agus threoraigh iad isteach i gcoir mhór.
22. Rinne clann Iosrael aithris ar na peacaí go léir a rinne Iarobám, gan éirí astu,
23. nó gur chaith an Tiarna Iosrael as a radharc de réir mar a gheall sé trí bhéal a shearbhóntaí go léir, na fáithe. Mar sin atá Iosrael san Asaír ar díbirt óna dtír féin go dtí an lá inniu.
24. Thug rí na hAsaíre daoine ón mBablóin, ó Chútá, ó Avá, ó Hamát, agus ó Shafarvaím, agus chuir sé iad chun cónaithe i gcathracha na Samáire in áit chlann Iosrael. Ghabh siadsan seilbh ar an tSamáir agus chuaigh chun cónaí ina cathracha.