Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 17:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa dara bliain déag de réimeas Áchaz rí Iúdá tháinig Hóiséa mac Éalá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir agus bhí sé naoi mbliana i réim.

2. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus ríthe eile Iosrael a ghabh roimhe.

3. Chuir Sealmaineisir rí na hAsaíre cogadh ar Hóiséa agus ghéill seisean dó agus thug cáin dó.

4. Ach rug rí na hAsaíre ar Hóiséa ag déanamh fill air; bhí teachtairí curtha aige go dtí Só, rí na hÉigipte, gan an cháin a thabhairt do rí na hAsaíre mar a rinne na blianta roimhe sin. Uime sin ghabh rí na hAsaíre é agus chuir faoi chuibhreach i gcarcair é.

5. Ansin rinne rí na hAsaíre ionradh ar an tír ar fad; tháinig sé chuig an tSamáir agus chuir sé léigear uirthi ar feadh trí bliana.

6. Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.

7. Tharla sin de bhrí gur pheacaigh clann Iosrael in aghaidh an Tiarna a nDia, a thug slán amach iad as críocha na hÉigipte, ó smacht Fhorainn, rí na hÉigipte. Thug siad adhradh do dhéithe eile,

8. lean siad nósanna na gciníocha a bhí curtha as a seilbh ag an Tiarna roimh chlann Iosrael (agus na nósanna ar chuir ríthe Iosrael tús leo).

9. Dúirt clann Iosrael nithe éagóra in aghaidh an Tiarna a nDia. Cibé áit inar chuir siad fúthu, ó thúr faire go cathair dhaingean, thóg siad ardionaid dóibh féin.

10. Chuir siad suas colúin agus cuaillí naofa dóibh féin ar gach cnoc ard agus faoi gach crann craobhach.

11. D'ofrálaidís íobairtí túise (ar na hardionaid go léir) mar a dhéanadh na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna rompu. Rinneadar gníomhartha coiriúla agus ghriogadar an Tiarna chun feirge.

12. D'adhradar íola cé go ndúirt an Tiarna leo: “Ná déanaigí amhlaidh.”

13. Mar sin féin thug an Tiarna an rabhadh seo d'Iosrael agus do Iúdá trí bhéal na bhfáithe agus an lucht físe go léir: “Filligí ó bhur ndrochshlite agus coinnigí m'aitheanta agus mo reachtanna de réir an dlí iomláin a leag mé amach do bhur n‑aithreacha agus a thug mé daoibh trí mo shearbhóntaí, na fáithe.”

14. Ach ní éistfeadh siad; bhí siad níos stuacaí ná a sinsir a bhí gan creideamh sa Tiarna a nDia.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 17