15. Thug Áchaz rí an t‑ordú seo do Úiriá an sagart: “Dóigh as seo amach ar an altóir mhór íobairt dhóite na maidine, abhlann an tráthnóna, íobairt uileloiscthe an rí agus a abhlann, agus íobairt uileloiscthe phobail na tíre go léir, agus a n‑abhlann, agus a n‑ofráil dí. Croith uirthi fuil na n‑íobairtí dóite go léir agus fuil na n‑ofrálacha go léir. Maidir leis an altóir chré-umha, beidh sí fúm féin le haghaidh oracal.”
16. Rinne Úiriá sagart gach ní a d'ordaigh Áchaz do.
17. Ghearr Áchaz rí creatlaigh na seastán chun siúil, bhain na trasnáin agus na miasa anuas díobh; thóg an mhuir chré-umha anuas de na daimh a bhí á hiompar agus leag í ar bhonn cloiche.
18. Le hurraim do rí na hAsaíre, thóg sé chun siúil ó Theampall an Tiarna seomra an fháiltithe a bhí tógtha ansiúd, agus an iontráil ríoga lasmuigh.
19. An chuid eile de stair Áchaz, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
20. Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.