Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 16:10-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Nuair a chuaigh Áchaz rí chun na Damaisce le bualadh le Tigleat Pileisir rí na hAsaíre chonaic sé an altóir a bhí sa Damaisc. Agus chuir Áchaz rí tomhais na haltóra, cuspa di, agus sonraí a déantúis, go dtí Úiriá sagart.

11. Agus thóg Úiriá sagart an altóir, agus rinne sé í go beacht de réir na dtreoracha go léir a chuir Áchaz rí ón Damaisc sular tháinig Áchaz rí ar ais ón Damaisc.

12. Nuair a d'fhill an rí ón Damaisc, d'iniúch sé í, dhruid léi agus ghabh in airde uirthi.

13. Dhóigh sí a íobairt dhóite agus a abhlann; dhoirt sé a ofráil dí, agus chroith fuil a ofráil chomaoineach ar an altóir.

14. An altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna, thóg sé chun siúil í ó thosach an Teampaill, mar a raibh sí idir an altóir [nua] agus Teampall an Tiarna, agus chuir ar an taobh thuaidh den altóir [nua] í.

15. Thug Áchaz rí an t‑ordú seo do Úiriá an sagart: “Dóigh as seo amach ar an altóir mhór íobairt dhóite na maidine, abhlann an tráthnóna, íobairt uileloiscthe an rí agus a abhlann, agus íobairt uileloiscthe phobail na tíre go léir, agus a n‑abhlann, agus a n‑ofráil dí. Croith uirthi fuil na n‑íobairtí dóite go léir agus fuil na n‑ofrálacha go léir. Maidir leis an altóir chré-umha, beidh sí fúm féin le haghaidh oracal.”

16. Rinne Úiriá sagart gach ní a d'ordaigh Áchaz do.

17. Ghearr Áchaz rí creatlaigh na seastán chun siúil, bhain na trasnáin agus na miasa anuas díobh; thóg an mhuir chré-umha anuas de na daimh a bhí á hiompar agus leag í ar bhonn cloiche.

18. Le hurraim do rí na hAsaíre, thóg sé chun siúil ó Theampall an Tiarna seomra an fháiltithe a bhí tógtha ansiúd, agus an iontráil ríoga lasmuigh.

19. An chuid eile de stair Áchaz, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

20. Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 16