Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 14:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin.

8. Ansin chuir Amaiziá teachtairí go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú rí Iosrael á rá: “Tar agus bíodh triail againn as a chéile!”

9. Chuir Ióáis rí Iosrael teachtaireacht go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair d'iníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhí allta sa Liobáin an feochadán a shatailt faoina chosa agus é ag gabháil thar bráid.

10. Rinne tú Eadóm a chloí agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce, ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scrios?”

11. Ach ní éisteodh Amaiziá agus ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá.

12. Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile.

13. Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá mac Ióáis mac Achaizíá, ag Béit Seimis, agus [thug sé] leis é go Iarúsailéim; scartáil sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad.

14. Thug sé leis an t‑airgead agus an t‑ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna, agus i gcistí phálás an rí, agus gialla chomh maith, agus ansin d'fhill ar an tSamáir.

15. An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a throid sé le hAmaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

16. Agus chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Iarobám i gcomharbacht air.

17. Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael.

18. An chuid eile de stair Amaiziá, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 14