Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 14:22-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Eisean a d'atóg Éalat agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir.

23. Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí.

24. Rinne sé an t‑olc i súile an Tiarna agus níor scar sé le haon pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.

25. Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir.

26. Óir chonaic an Tiarna a ghéire a bhí cruachás Iosrael, gan aon duine daor ná saor le teacht i gcabhair ar Iosrael.

27. Ach gheall an Tiarna nach scriosfadh sé ainm Iosrael ó chlar na cruinne agus d'fhuascail sé iad le láimh Iarobám mac Ióáis.

28. An chuid eile de stair Iarobám, a imeachtaí go léir, a ghaisce, na cogaí a d'fhear sé, (conas mar a bhuaigh sé an Damaisc agus Hamát i Iáidí), nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

29. Ansin chuaigh Iarobám chun suain lena shinsir. Rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig Zacairiá i gcomharbacht air.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 14