Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 14:17-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael.

18. An chuid eile de stair Amaiziá, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

19. Rinneadh comhcheilg ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é.

20. Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví lena shinsir.

21. Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.

22. Eisean a d'atóg Éalat agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir.

23. Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí.

24. Rinne sé an t‑olc i súile an Tiarna agus níor scar sé le haon pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 14