Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 13:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ansin chuaigh Iahóácház chun suain lena shinsir agus rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir, agus tháinig a mhac Ióáis i gcomharbacht air.

10. Sa seachtú bliain tríochad de réimeas Ióáis rí Iúdá tháinig Ióáis mac Iahóácház i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé sé bliana déag i réim.

11. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor staon sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, ach lean sé orthu.

12. An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a chuir sé cogadh ar Amaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

13. Ansin chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus shuigh Iarobám ina ríchathaoir. Adhlacadh Ióáis sa tSamáir le ríthe Iosrael.

14. Nuair a bhuail tinneas a bháis Eilíseá, ghabh Ióáis rí Iosrael síos chuige, agus chrom ar ghol ina láthair á rá: “A athair liom, a athair liom, a charbaid Iosrael lena eachra!”

15. Dúirt Eilíseá leis: “Faigh bogha agus saigheada,” agus fuair sé bogha agus saigheada.

16. Ansin dúirt sé leis an rí: “Tarraing an bogha,” agus tharraing. Chuir Eilíseá a lámha thar lámha an rí.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 13