Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 13:17-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. “Oscail an fhuinneog thoir,” ar sé, agus d'oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: “Scaoil an tsaighead,” agus scaoil. Dúirt sé ansin: “Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.”

18. Ansin dúirt Eilíseá: “Tóg na saigheada,” agus thóg sé iad. Ansin dúirt sé le rí Iosrael: “Buail an talamh,” agus bhuail sé trí huaire é, agus ansin stad sé.

19. Tháinig fearg ar an ngiolla Dé leis dá bharrsan. “Bhí sé de cheart agat é a bhualadh cúig nó sé huaire,” ar sé, “agus chloífeá Arám go hiomlán agus chuirfeá deireadh leis; anois ní bhrisfidh tú ar Arám ach trí huaire.”

20. Fuair Eilíseá bás, agus adhlacadh é. Bhíodh díormaí Móábach ag déanamh ionraidh ar an tír gach [bliain].

21. Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.

22. Bhí Hazáéil rí Arám ag déanamh géarleanúna ar Iosrael i gcaitheamh ré Iahóácház ar fad.

23. Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d'iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).

24. Fuair Hazáéil rí Arám bás, agus tháinig Bein Hadad i gcomharbacht air.

25. Ansin ghabh Ióáis mac Iahóácház ar ais ó Bhein Hadad mac Hazáéil na cathracha a ghabh seisean óna athair Iahóácház le neart airm. Bhris Ióáis air faoi thrí agus fuair ar ais cathracha Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 13