Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 13:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa tríú bliain fichead de réimeas Ióáis mac Achaizíá rí Iúdá, tháinig Iahóácház mac Iéahú i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim.

2. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé air leis na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, gan éirí astu.

3. Las fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé suas gan sos iad do chumhacht Hazáéil rí Arám agus Bhein Hadad mac Hazáéil.

4. Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus d'éist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael.

5. (Thug an Tiarna fuasclóir dóibh [a d'fhuascail iad] ó lámha na nArámach, agus chónaigh clann Iosrael ina mbothanna mar a rinneadar roimhe sin.

6. Ach níor éiríodar as na peacaí inar threoraigh Iarobám Iosrael, ach leanadar orthu agus fágadh an cuaille naofa sa tSamáir.)

7. Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach d'arm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte.

8. An chuid eile de stair Iahóácház, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

9. Ansin chuaigh Iahóácház chun suain lena shinsir agus rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir, agus tháinig a mhac Ióáis i gcomharbacht air.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 13