Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 11:8-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. agus seasaidís timpeall an rí agus a airm i láimh gach fir; cuirtear chun báis aon duine a thabharfaidh iarracht ar bhrú tharaibh isteach. Bígí le hais an rí ag gabháil amach agus ag teacht isteach dó.”

9. Rinne na ceannfoirt gach ní mar a d'ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor den gharda ar an tsabóid agus iad siúd a bhí ag dul ar garda ar an tsabóid, agus tháinig siad chuig Iahóideá an sagart.

10. Ghléas an sagart na ceannfoirt le gathanna agus le sciatha an rí Dáiví a bhí i dTeampall an Tiarna.

11. Bhí na gardaí ina seasamh, agus arm i láimh gach duine acu, ó choirnéal theas an Teampaill go dtí an coirnéal thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall.

12. Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”

13. Nuair a chuala Atailiá gártha (an gharda agus) an phobail, tharraing sí ar an Teampall, áit a raibh na daoine.

14. Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”

15. Ansin d'ordaigh Iahóideá an sagart do na hoifigigh airm: “Beirigí libh í taobh amuigh den áit naofa agus cuirigí chun báis leis an gclaíomh duine ar bith a leanfaidh í.” “Óir ní foláir,” a mheabhraigh an sagart dóibh, “gan í chur chun báis i dTeampall an Tiarna.”

16. Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, trí Gheata na gCapall, is ann a cuireadh chun báis í.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 11