Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Ríthe 1:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tar éis bháis do Acháb, rinne Móáb ceannairc in aghaidh Iosrael.

2. Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: “Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.”

3. Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: “Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: ‘An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?’

4. Mar seo a deir an Tiarna: ‘An leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ” Agus d'imigh Éilias leis.

5. D'fhill na teachtairí ar an rí, agus dúirt sé leo: “Cén fáth ar tháinig sibh ar ais?”

6. “Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”

7. “An té seo a bhuail libh agus a dúirt an méid sin,” ar sé leo, “cén sórt duine é?”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Ríthe 1